‹ back to previous page

Scoil Roís Primary School

Tel: 042 9662267

Is Gaelscoil í Scoil Roís atá suite i bhfoirgneamh úrnua i gCloch Bhaile i gCarraig Mhachaire Rois,Co. Mhuineacháin. Bhí an scoil lonnaithe sa sean-scoil Phrotastúnach ar an bPríomhshráid roimhe sin.

Ag tús na bliana 1984 bhailigh Peadar Ó Casaide, iar-mhúinteoir bunscoile, grúpa de dhaoine a raibh suim acu sa ghaeilge is do ghríosaigh sé iad chun tús a chur le Gaelscoil. Leis an treoir a thug Peadar, osclaíodh doirse Scoil Rois don chéad uair ar an 10ú lá de Mheán Fómhair 1984.

Faoi láthair tá deichniúr múinteoir ag teagasc sa scoil, agus freastailíonn sí ar pháistí ón gceantar maguaird. Tá cáil ar an scoil ó thaobh peile, iomanaíochta, damhsa, banna ceoil, fichille is tráth na gceist de.

An Scoil Nua

I mí Lúnasa 2000 thug Comhairle Chontae Mhuineacháin cead pleanála don Roinn Oideachais scoil nua a thógáil do Scoil Rois i gCloch Bhaile, áit atá suite i lár an bhaile. Is é achar na scoile ná 1375m2. Tá ocht seomra ranga ann chomh maith le seomra fóirne, halla gleacaíochta, leabharlann agus seomra ilfhóinteach . Ní amháin sin ach tá cúirt cispheile lasmuigh chomh maith le áit shugartha. Tógadh an scoil ar pylons de bharr go bhfuil an talamh lag go leor. D’oscail an t-Aire Oideachais Máire Ní Ainifín T.D. an foirgneamh nua go hoifigiúil ar an 17.6.2005.

Schools